Príomhchúram
Tá sé mar phríomhchúram ar Údarás na Gaeltachta geilleagar na Gaeltachta a fhorbairt chun caomhnú agus saibhriú na Gaeilge mar phríomhtheanga inti a threisiú. Lena chuspóirí a bhaint amach, leanann Údarás na Gaeltachta, a bunaíodh i 1980, aidhmeanna straitéiseacha sna réimsí forbairt tionscail, forbairt réigiúnach agus forbairt daonacmhainní. Tá an tÚdarás bainteach chomh maith le gníomhaíochtaí forbartha pobail, cultúrtha agus teanga. Tá nasc go dtí suíomh an Údaráis féin ag www.udaras.ie.
Ar an 31ú Bealtaine 2011, chinn an Rialtas go mbeadh Údarás na Gaeltachta ag gníomhú mar chomhlacht forfheidhmithe don Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 sa Ghaeltacht.
Reachtaíocht
Toghchán d'Údarás na Gaeltachta