Tuarascáil Choimisiún na Gaeltachta (201 kb)
Tuarascáil Choimisiún na Gaeltachta 2002. Seo é an tuarascáil deiridh.

Tuarascáil Choimisiún na Gaeltachta

Tuarascáil Choimisiún na Gaeltachta

Teideal:                                              Tuarascáil Choimisiún na Gaeltachta 2002

Céadfhoilsiú:                                     Bealtaine 2002

Ábhar:                                                 30 leathanach

Príomh-Mholtaí:                                   Lgh. 17 & 18

Cúlra

Bhunaigh an Rialtas Coimisiún na Gaeltachta i mí Aibreáin 2000 chun moltaí a dhéanamh i dtaobh láidriú na Gaeilge mar ghnáthmheán cumarsáide an phobail Gaeltachta. Tar éis don Rialtas tuarascáil an Choimisiúin a fháil i Márta 2002, cheadaigh sé a fhoilsiú, gan tiomantas.

Sa Tuarascáil tá 19 bpríomh-mholadh a fholaíonn an méid seo a leanas:

§         achtú láithreach Bille Teangacha Oifigiúla (Comhionannas);

§         infhaighteacht córais oideachais chuimsithigh ar gach leibhéal ina dtugtar tosaíocht don Ghaeilge mar chéadteanga na Gaeltachta;

§         bunú Aonad Oideachais Tríú Leibhéal dílis le haghaidh staidéar sochtheangeolaíoch Gaeilge agus pleanála teanga;

§         forbairt agus forfheidhmiú Plean Náisiúnta don Ghaeilge;

§         bunú Struchtúir Forfheidhmithe a fholóidh bunú Bhord Coimisinéirí Neamhspleácha agus athstruchtúrú Údarás na Gaeltachta.

Féach faoi Coiste Comhairleach ar Thuarascáil Choimisiún na Gaeltachta le haghaidh dul chun cinn go nuige seo i ndáil leis an tuarascáil. Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil le Seán Mac Eoin, ríomhphost: smaceoin@pobail.ie

An Rannóg Seo