Coiste Comhairleach ar Thuarascáil Choimisiún na Gaeltachta

Coiste Comhairleach ar Thuarascáil Choimisiún na Gaeltachta

I ndiaidh fhoilsiú Thuarascáil Choimisiún na Gaeltachta i mBealtaine 2002 i dtaobh na Gaeilge sa Ghaeltacht agus ag cuimhneamh ar an tiomantas déanta sa Clár Comhaontaithe don Rialtas maidir leis an tuarascáil a úsáid mar bhonn le haghaidh polasaí amach anseo, bhunaigh an tAire Coiste Comhairleach i nDeireadh Fómhair 2002. Is é sainchúram príomha an choiste ná cabhrú leis an Roinn a hanailís a dhéanamh agus, nuair is cuí, na moltaí sa Tuarascáil a chur chun feidhme.

 

An Coiste Comhairleach

Ar an gcoiste, faoi Chathaoirleacht Sheosaimh Uí Ágmhaill, Rúnaí Cúnta sa Roinn, áirítear ionadaithe sinsearacha ó raon Rann agus gníomhaireachtaí a bhfuil ról tábhachtach acu maidir leis an nGaeilge a chur chun cinn. Tá sé tar éis a bheith gníomhach i dtabhairt ar aghaidh roinnt gníomhaíochtaí a éascóidh go praiticiúil cur chun feidhme agus tabhairt ar aghaidh moltaí a fhaightear sa Tuarascáil chomh maith le saincheisteanna gaolmhara. Folaíonn siad sin:

 

 

 

 

·        Moltaí le haghaidh athstruchtúrú seirbhísí réamhscoile Gaeilge sa Ghaeltacht.

 

 

Chun cóip den tuarascáil a íoslódáil agus le haghaidh faisnéise cúlra féach faoi Tuarascáil Choimisiún na Gaeltachta. Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil le Seán Mac Eoin, seoladh ríomhphoist: smaceoin@pobail.ie

 


 

Coiste Comhairleach ar Thuarascáil Choimisiún na Gaeltachta

Ceisteanna Coitianta

 

1.                  Cad tá tarlaithe ó foilsíodh Tuarascáil Choimisiún na Gaeltachta?

 

I ndiaidh fhoilsiú Thuarascáil Choimisiún na Gaeltachta i mBealtaine 2002 agus ag cuimhneamh ar an tiomantas déanta sa Clár Comhaontaithe don Rialtas maidir leis an tuarascáil a úsáid mar bhonn le haghaidh polasaí amach anseo, bhunaigh an tAire Coiste Comhairleach i nDeireadh Fómhair 2002. Is é sainchúram príomha an choiste ná cabhrú leis an Roinn a hanailís a dhéanamh agus, nuair is cuí, na moltaí sa Tuarascáil a chur chun feidhme.

 

2.            Cé atá ar an gCoiste Comhairleach agus cén dul chun cinn atá déanta go nuige seo?

 

Ar an gcoiste, faoi Chathaoirleacht Sheosaimh Uí Ágmhaill, Rúnaí Cúnta sa Roinn, áirítear ionadaithe sinsearacha ó raon Rann agus gníomhaireachtaí a bhfuil ról tábhachtach acu maidir leis an nGaeilge a chur chun cinn. Tá sé tar éis a bheith gníomhach i dtabhairt ar aghaidh roinnt gníomhaíochtaí a éascóidh go praiticiúil cur chun feidhme agus tabhairt ar aghaidh moltaí a fhaightear sa Tuarascáil chomh maith le saincheisteanna gaolmhara. Folaíonn siad sin:

 

 

 

 

·        Moltaí le haghaidh athstruchtúrú seirbhísí réamhscoile Gaeilge sa Ghaeltacht.

 

 

Is é achtú Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003, ceann de na príomh-mholtaí a fhaightear i dTuarascáil Choimisiún na Gaeltachta. Beidh an reachtaíocht seo a rith Tithe an Oireachtais agus a shínigh an tUachtarán i Samhradh 2003 fíorthábhachtach chun aghaidh a thabhairt ar chuid mhaith de na saincheisteanna a ardaíodh sa Tuarascáil. Féach an nasc ar an leathanach baile le haghaidh tuilleadh eolais i dtaobh an Achta.

 

3.            Cad iad na forais do choimisiúnú an staidéir theangeolaíoch luaite i gCeist 2?

 

I dTuarascáil Choimisiún na Gaeltachta faightear 19 bpríomh-mholadh, arb é ceann díobh staidéar cosúil leis an gceann samhlaithe anois. Ag cuimhneamh ar an ngá le straitéis theangeolaíoch chuimsitheach don Ghaeltacht agus mar nach bhfuil na teorainneacha Gaeltachta athbhreithnithe go cuí óna mbunú faoin Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú), 1956, tá sé tábhachtach go ndéantar staidéar dá leithéid a luaithe is féidir.

 

4.            Cad iad na téarmaí cruinne tagartha don staidéar teangeolaíoch?

 

Tríd is tríd, is é cuspóir an staidéir ná staidéar teangeolaíoch cuimsitheach a dhéanamh ar úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht mar bhunús chun:

 

 

 

Tá i gceist go gcuimseoidh an staidéar:

 

§         Anailís chainníochtúil a thabharfaidh léargas chomh cuimsitheach agus is féidir ar an líon daoine agus teaghlach a úsáideann an Ghaeilge mar phríomhtheanga labhartha go laethúil sa Ghaeltacht, i gcomhthéacs daonra iomlán na Gaeltachta.

 

§         Anailís chineálach a léireoidh feasacht agus dearcadh phobal na Gaeltachta i leith na Gaeilge agus na Gaeltachta.

 

§         Measúnú:-

·        ar na céimeanna praiticiúla gur gá a thógáil le go ngluaiseann seachadadh na Gaeilge níos éifeachtaí ó ghlúin go glúin sa Ghaeltacht.

 

·        ar thionchar na bpolasaithe pleanála atá á leanúint faoi láthair ag na hÚdáráis Áitiúla faoi seach a bhfuil ceantair Ghaeltachta faoina gcúram, i gcomhthéacs na ndualgas atá orthu maidir leis an nGaeltacht faoin Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000 agus

 

§         ar an tionchar fadtéarmach a eascróidh as cur i bhfeidhm na bhforálacha pleanála go léir a shonraítear san Acht  maidir leis an nGaeilge sa Ghaeltacht.

 

§         Rianú ar na roghanna éagsúla tíreolaíocha agus déimeagrafaíocha a meastar a bheith oiriúnach mar bhunús chun na limistéir oifigiúla Ghaeltachta a shainiú (ar a n-áirítear na toghranna ceantair mar atá siad faoi láthair chomh maith le paróistí, bailte fearainn agus abhantracha scoile).

 

5.                  An athrófar na teorainneacha Gaeltachta?

 

Tá tugtha le fios ag an Aire Éamon Ó Cuív go rachaidh sé ar ais go dtí an Rialtas in am is i dtráth le haon mholtaí maidir le hathruithe ar theorainneacha Gaeltachta a éiríonn as an staidéar. Tá cóip iomlán de na téarmaí tagartha le fáil ach teagmháil a dhéanamh le Seán Mac Eoin, (seoladh iomlán thíos), Teil: +353 091- 503705, ríomhphost: smaceoin@pobail.ie .

 

6.                  Cad é cuspóir an Fheachtais Feasachta (luaite i gCeist 2 thuas) atá á bhreithniú faoi láthair ag an gCoiste Comhairleach?

 

Tá tabhairt na Gaeilge ó ghlúin go glúin fíorthábhachtach má tá sí le maireachtáil. D'fhonn aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist sin agus de bhun moltaí déanta ag an gCoiste Comhairleach, tá an Roinn, i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta, ag obair faoi láthair ar fheachtas feasachta. Is é cuspóir an fheachtais ná tuismitheoirí agus tuismitheoirí ionchasacha i gceantair Ghaeltachta a chur ar an eolas faoi na buntáistí a ghabhann leis an nGaeilge a roghnú mar phríomhtheanga an teaghlaigh.

 

Táthar ag súil go mbeidh ról ceannais ag Údarás na Gaeltachta sa mhaoirseacht ar an bhfeachtas seo, i gcomhar leis an Roinn.

 

 

7.                  Cad tá i gceist in athstruchtúrú na hearnála réamhscoile Gaeilge sa Ghaeltacht, luaite i gceist 3 thuas?

 

Tá Údarás na Gaeltachta i mbun phróiseas athstruchtúraithe na hearnála seo faoi láthair d'fhonn seirbhís comhordaithe níos éifeachtaí a thabhairt, a fhreastalóidh ar éileamh méadaithe agus a fheabhsóidh úsáid na Gaeilge i measc leanaí réamhscoile.

 

8.                  Cad iad na struchtúir nua atá beartaithe le haghaidh seirbhísí óige sa Ghaeltacht, luaite i gceist 3 thuas freisin?

 

Tá Údarás na Gaeltachta i mbun obair ullmhúcháin faoi láthair i ndáil le cur chun feidhme mholtaí Thuarascáil Ógshaothar d'fhonn struchtúir nua a bheith i bhfeidhm faoi dheireadh na bliana. Is féidir cóip den tuarascáil seo, a comhchoimisiúnaíodh ag Údarás na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge agus a lainseáladh go hoifigiúil ar an 30 Meitheamh 2003, a fháil trí theagmháil a dhéanamh le hÚdarás na Gaeltachta ag eolas@udaras.ie nó trí theagmháil a dhéanamh le Foras na Gaeilge ag eolas@forasnagaeilge.ie .

 

Tuilleadh eolais

 

Le haghaidh tuilleadh eolais féach faoi "Coiste Comhairleach ar Thuarascáil Choimisiún na Gaeltachta" faoi "An Ghaeltacht" (nasc le cruthú anseo) ar an leathanach baile nó déan teagmháil le:

 

Seán Mac Eoin,

An Rannóg Polasaí Gaeltachta,

An Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta,

Na Forbacha,

Co na Gaillimhe.

Éire

 

Teil: +353 091 503705

 

ríomhphost: smaceoin@pobail.ie

An Rannóg Seo