Iomairt Cholm Cille

Is tionscnamh trípháirteach é Iomairt Cholm Cille idir Albain, Éire agus Tuaisceart Éireann atá tiomanta do na haidhmeanna seo a leanas;

D'fhoilsigh an Iomairt Plean Straitéiseach i mí Feabhra 2001. D'eascair an plean as measúnacht neamhspleách a rinneadh ar obair Iomairt Cholm Cille. Is iad príomhmholtaí an phlean straitéisigh ná go gcuirfí maoiniú breise rialtais ar fáil go comhionann ó na trí réigiún; go mbunófaí Bord Feidhmiúcháin ; agus go gceapfaí Príomhfheidhmeannach.

Mar mhórócáid gach bhliain reachtáltar Parlaimint na nÓg ina nglacann mic léinn tríú leibhéal ó na trí réigiún páirt. Beidh Parlaimint na nÓg 2001 ar siúl i nGaillimh i mí Dheireadh Fómhair. Is féidir tuilleadh eolais a fháil ó Oifigeach Tionscnaimh na hÉireann, Michelle Ní Chróinín ag ccille@udaras.ie.

An Rannóg Seo