An Foras Teanga

Is é an tAcht um Chomhaontú na Breataine-na hÉireann 1999 an bonn reachtúil do na Forais Fhorfheidhme Trasteorann - An Foras Teanga ina measc. Bunaíodh An Foras Teanga ar 2 Nollaig 1999 nuair a tháinig an tAcht i bhfeidhm. Tá dhá Áisínteacht mar chuid den Fhoras - Foras na Gaeilge (www.forasnagaeilge.ie) agus Tha Boord o Ulstèr-Scotch (www.ulsterscotsagency.com).  Tá ról lárnach ag an Roinn seo agus ag an Roinn Cultúr, Ealaíon agus Fóillíochta (RCEF) i dTuaisceart Éireann maidir le hobair an Fhorais Teanga a chur chun cinn.

Tá An Foras Teanga, trí obair an dá ghníomhaireacht, i mbun obair éifeachtach a bhaineann le cur chun cinn na Gaeilge agus Ullans chomh maith le cur chun cinn cultúr an Ulster-Scots.  Is é príomh-chúram Fhoras na Gaeilge ná an Ghaeilge a chur chun cinn i ngach gné den saol ar fud na tíre.  Is é príomh-chúram Tha Boord o Ulstèr-Scots ná aitheantas agus úsáid Ullans agus cultúr Ulstèr-Scots a cur chun cinn, laistigh de Thuaisceart na hÉireann agus ar fud oileán na hÉireann.

Cuirtear maoiniú ar fáil don dá ghníomhaireacht ó RCEF sa Tuaisceart agus ón Roinn seo.  Déantar Foras na Gaeilge a mhaoiniú ar an mbonn 75% ón Roinn seo agus 25% ó RCEF - iomlán de €17.867m do 2002.   Déantar Tha Boord o Ulstèr-Scots a mhaoiniú ar an mbonn 25% ón Roinn seo agus 75% ó RCEF - iomlán de €2.4m do 2002.  

An Rannóg Seo