An Brainse Logainmneacha

Déanann an Brainse Logainmneacha taighde ar logainmneacha na hÉireann agus cuireann sé foirmeacha údarásacha Gaeilge díobh ar fáil. Is de réir contae a dhéantar an taighde de ghnáth. Críochnaíodh an taighde ar logainmneacha naoi gcontae faoin gclár contae seo agus tá taighde ar siúl faoi láthair ar thrí chontae eile: Corcaigh, Loch Garman agus Laois. Foilsítear na foirmeacha Gaeilge sa tsraith Liostaí Logainmneacha (féach thíos). Chomh maith leis sin soláthraíonn an Brainse foirmeacha oifigiúla Gaeilge de logainmneacha d'eagrais phoiblí nuair a iarrtar iad. Críochnaíodh an taighde le déanaí ar logainmneacha riaracháin na gceantar Gaeltachta agus soláthraíodh foirmeacha údarásacha Gaeilge díobh. Rinne an Brainse taighde ar ainmneacha na dtoghranna ceantair le déanaí chomh maith agus soláthraíodh foirmeacha Gaeilge díobh sin don Phríomh-Oifig Staidrimh.

Foilseacháin de chuid an Bhrainse Logainmneacha (ó Oifig an tSoláthair)

Gasaitéar na hÉireann/Gazetteer of Ireland
     (lgh. xxxiv+283) (1989) (ISBN 0 7076 0076 6) £5.00
Tugann an gasaitéar dátheangach seo na foirmeacha Béarla agus Gaeilge de na logainmneacha is tábhachtaí in Éirinn. Tá an foilseachán seo as cló le tamall agus tá atheagrán méadaithe á ullmhú faoi láthair a fhoilseofar in Earrach 2003.
 
Logainmneacha na hÉireann: Imleabhar I: Contae Luimnigh
     (lgh. xxxvi+283) (1990) (ISBN 0 706 0113 4)   € 12.70
Cuireann an foilseachán seo an fhianaise stairiúil ar logainmneacha Cho. Luimnigh i láthair móide míniúcháin agus nótaí. Tá sé ar intinn imleabhair eile a fhoilsiú sa tsraith seo i gcomhair na gcontaetha eile.

Liostaí Logainmneacha: (sraith).
Cuireann an tsraith dhátheangach seo na foirmeacha Béarla agus Gaeilge de na bailte fearainn, paróistí sibhialta agus barúntachtaí, móide roinnt logainmneacha tábhachtacha eile i láthair de réir contae. Foilsíodh sé imleabhar go dtí seo agus tá trí cinn eile beartaithe sa tréimhse 2002-3.

Foilsithe:
Liostaí Logainmneacha: Lú/Louth
     (lgh. xiv+46) (1991) (ISBN 0 7076 0184 3) € 2.54
Liostaí Logainmneacha: Luimneach/Limerick
     (lgh. xiv+115) (1991) (ISBN 0 7076 0185 1) € 5.08
Liostaí Logainmneacha: Port Láirge/Waterford
     (lgh. xiv+98) (1991) (ISBN 0 7076 0186 X) € 4.76
Liostaí Logainmneacha: Cill Chainnigh/Kilkenny
     (lgh. xiv+94) (1993) (ISBN 0 7076 0232 7) € 5.08
Liostaí Logainmneacha: Uíbh Fhailí/Offaly
     (lgh. xiv+76) (1994) (ISBN 0 7076 0339 0) € 5.08
Liostaí Logainmneacha: Muineachán/Monaghan
     (lgh. xiv+106) (1996) (ISBN 0 70762358 8) € 5.08

Idir lámha:
    Liostaí Logainmneacha:Tiobraid Árann/Tipperary (2002)
    Liostaí Logainmneacha:Baile Átha Cliath/Dublin (2002)
   Liostaí Logainmneacha:Gaillimh/Galway (2003).

 

An Rannóg Seo