ACHT NA dTEANGACHA OIFIGIÚLA 2003
Síníodh Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 ina dhlí ar 14 Iúil 2003. Is é an tAcht seo an chéad phíosa reachtaíochta ina leagtar síos próiseas pleanála reachtúil chun a chinntiú go gcuirfear seirbhísí ar fáil sa Ghaeilge.
Cuspóir an Achta
Is é príomhchuspóir an Achta ná soláthar níos mó de sheirbhísí i nGaeilge a chur ar fáil ón seirbhís phoiblí ar chaighdeán níos airde.
Bainfear é seo amach go príomha trí dhualgas reachtúil a chur ar Ranna Stáit agus ar chomhlachtaí poiblí a leithéid de sheirbhísí a sholáthar ar bhealach comhtháite trí chreat pleanála reachtúil, ar a dtugtar "scéim" a bheidh le hathnuachan gach 3 bliana le haontú an Aire agus ceann an chomhlachta phoiblí i gceist. Leagtar síos san Acht gur féidir leis an Aire treoirlínte a ullmhú agus a eisiúint chuig chomhlachtaí poiblí chun cuidiú leo dréacht-scéim teanga a ullmhú. Fanfaidh na scéimeanna i bhfeidhm ar feadh tréimhse 3 bliana agus ina dhiaidh sin caithfear iad a athnuachan. Úsáidfear an próiseas seo chun feabhas suntasach chéimiúil a bhaint amach, thar tréimhse, ar leibhéal na seirbhísí trí Ghaeilge a chuirfear ar fáil.
Ina theannta sin, sonraítear roinnt forálacha ginearálta bunúsacha san Acht a mbeidh feidhm coitianta leo, mar shampla, comhfhreagras i dteanga oifigiúil a fhreagairt sa teanga oifigiúil chéanna, faisnéis a thabhairt don phobal i nGaeilge, nó i nGaeilge agus i mBéarla, foilseacháin dhátheangacha de dhoiciméid thábhachtacha áirithe, úsáid na Gaeilge sna cúirteanna, srl.
I measc na bhforálacha a leagtar síos san Acht, tá forálacha maidir le:-
- cumhacht an Aire - le toiliú an Aire Airgeadais - rialacháin a dhéanamh chun lán-éifeacht a thabhairt do rud ar bith atá leagtha síos san Acht
(Alt 4)
- ceart ag gach duine Gaeilge a úsáid os comhair ceachtar Tí den Oireachtas ina n-áirtítear aon choiste dá gcuid.
(Alt 6)
- Achtanna a fhoilsiú i nGaeilge agus i mBéarla ag an am céanna
(Alt 7)
- Ceart ag duine éisteacht a fháil agus an Ghaeilge a úsáid in imeachtaí cúirte
(Alt 8)
- Dualgas comhlachtaí poiblí a chinntiú go n-úsáidtear Gaeilge amháin, nó an Ghaeilge agus an Béarla le chéile, ar fhógairtí béil - bíodh said beo nó taifeadta, ar stáiseanóireacht, ar chomharthaí agus ar fhógraí faoi réir rialacháin a dhéanfaidh an tAire.
(Alt 9(1))
- Dualgas comhlachtaí poiblí comhfhreagras - i scríbhinn nó leis an bpost leictreonach - i nGaeilge a fhreagairt sa teanga sin.
(Alt 9(2))
- Dualgas comhlachtaí poiblí a chinntiú go mbeidh aon chumarsáid- i scríbhinn nó leis an bpost leictreonach - a dhéantear leis an bpobal chun faisnéis a thabhairt i nGaeilge nó i nGaeilge agus i mBéarla.
(Alt 9 (3))
- Dualgas comhlachtaí poiblí, ar chomhlachtaí Stáit iad freisin, doiciméid áirithe a mbeadh spéis ag an bpobal iontu, a fhoilsiú i nGaeilge agus i mBéarla ag an am céanna, mar shampla tuarascálacha bliantúla.
(Alt 10)
- Dualgas comhlachtaí poiblí scéim a ullmhú a leagfaidh síos na seirbhísí atá i gceist acu a sholáthar
- trí mheán na Gaeilge amháin,
- trí mheán an Bhéarla amháin, agus
- trí mhéan na Gaeilge agus an Bhéarla araon;
agus na céimeanna atá i gceist a ghlacadh chun a chinntiú go mbeidh aon seirbhís nach bhfuil ar fáil trí Ghaeilge á soláthar sa teanga sin amach anseo (laistigh d'amscála atá le haontú - go bunúsach, chun deighilt a dhéanamh idir na seirbhísí atá le cur ar fáil laistigh de thréimhse feidhme scéim reatha agus na seirbhísí atá le cur ar fáil thar tréimhse níos faide.
(Alt 11)
- Réiteofar treoirlínte chun cabhrú le comhlachtaí poiblí scéim a ullmhú.
(Alt 12)
- Dualgas comhlachtaí poiblí a chinntiú go
- bhfuil go leor foirne acu atá inniúil sa Ghaeilge.
[Alt 13 (2)(c))],
- mbeidh freastal á dhéanamh ar na riachtanais áirithe Gaeilge a bhaineann le seirbhísí a sholáthar sa Ghaeltacht
[Alt 13 (2)(d)]
- mbeidh an Ghaeilge mar theanga oibre ina gcuid oifigí atá lonnaithe sa Ghaeltacht laistigh de thréimhse ama a bheidh le haontú idir an comhlacht poiblí agus an Aire.
[Alt 13(2)(e)]
- Bunú Oifig Choimisinéir na dTeangacha Oifigiúla chun maoirseacht agus monatóireacht a dhéanamh ar an Acht agus chun féachaint chuige go gcuirfear é i bhfeidhm. Tabharfar An Coimisinéir Teanga ar an gCoimisinéir. Beidh an Coimisinéir neamhspleách i gcomhlíonadh a fheidhmeanna nó a feidhmeanna agus ceapfaidh an tUachtarán é nó í.
(Alt 20)
- Gaeilge amháin a bheith ag logainmneacha oifigiúla sa Ghaeltacht agus stadas comhionann a bheith ag an leagan Gaeilge agus Béarla do logainmneacha oifigiúla sa chuid eile den tír.
(Cuid 5)
- Freagracht ghinearálta ar an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta maidir le cinntiú go gcuirfear seirbhísí Stáit ar fáil trí Ghaeilge.
(Altanna 4,5,11,12,14,15,16,&17)

Osradharc ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 (258 kb)
Bileog eolais: osradharc ar an Acht