An Ghaeilge

Is cuid riachtanach d'oidhreacht bheo an Stáit agus acmhainn nádúrtha thábhachtach sa Ghaeltacht í an Ghaeilge.  Tá sé mar chúram na Roinne
• leas cultúrtha, eacnamaíochta agus shóisialta na Gaeltachta a chur chun cinn mar phríomh-fhoinse na teanga beo;
• freaschur a dhéanamh ar mheath na Gaeilge agus féachaint lena cur chun cinn mar an príomh-mheán cumarsáide sa Ghaeltacht; agus
• úsáid na Gaeilge a spreagadh agus a chur chun cinn ar fud na tíre, thuaidh agus theas.

Tacaíonn an Roinn agus comhoibríonn sí le gníomhaireachtaí eile, go háirithe An Foras Teanga agus Údarás na Gaeltachta, chun a cuspóirí a bhaint amach.

Cuirtear maoiniú ar fáil d'eagraíochtaí Gaeilge chomh maith le tionscadail ilghnéitheacha trí na Scéimeanna Tacaíochta Gaeilge.

Leagtar síos in Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 próiseas pleanála reachtúil chun a chinntiú go gcuirfear seirbhísí Stáit ar fáil sa Ghaeilge.
 
Déanann an Brainse Logainmneacha taighde ar logainmneacha na hÉireann agus cuireann sé foirmeacha údarásacha Gaeilge díobh ar fáil.

An Rannóg Seo